Ceardlanna, ceol, craic agus cuideachta ag Sean-Nós Cois Life

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosaíonn an an chraic go léir – nuair a chuirfear tús leis an bhféile Sean-Nós Cois Life. Táimid ag súil le deireadh seachtaine mór le damhsa, amhránaíocht, ceol, craic, agus comhluadar den scoth ar feadh trí lá -o mhaidin go hoíche, agus oíche go maidin!!

Beidh amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí ó na ceithre hairde i láthair – Tír Chonaill, Conamara, Maigh Eo, Rinn ó gCuanach agus Baile Átha Cliath féin fiú.

Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar an bhfear uasal agus amhránaí aitheanta Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha.  Féach clár na féile ar www.seannos.ie/clar.php le tuilleadh eolais faoina mbeidh ar siúl.

 

CEARDLANNA – CLÁRAIGH ANOIS.

Tapaigí an deis freastal ar cheardlann le Johnny Mháirtín Learaí, nó amhránaíocht i stíl na nDéise le hÓgie Ó Céilleachair, nó damhsa ar an sean-nós le Marian Ní Chonghaile.  Is féidir d’áit a chinntiú trí chlárú ar líne roimh ré – féach www.seannos.ie/foirmchlaraithe.php.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:42:37

Admin/login Comments RSS

ILBF