Ceardlanna ar Ghaedhalg Ó Méith Mara

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceardlanna ar Ghaedhalg Ó Méith Mara

Beidh Gaeláras Mhic Ardghail i mbaile mór an Iúir ag cur fáilte roime le daoine a bhfeil spéis acu i nGaedhalg Ó Méith. Beidh na seiseanaí ag toiseacht anocht 20 Samhain ag 7:00 i.n. agus rachaidh siad ar aghaidh gu-s 8:30.

Is ar an chaint is ar an bhéaloideas Ó Méith Mara a bheas siad díriste.
Chan fheil feidhm Ghaedhalg líofa ar dhaoiní ach cha bheadh na seiseanaí fóirsteanach do dhaoiní nach ach rud beag Gaedhalg acu ar bith.

Tá an Ghaedhalg marbh in Ó Méith a bhí deireadh na seachtóidí ann ach ba é an ceantar seo ceann des na daingní a ba dheireanaí dá rabh aige an Ghaedhalg in oirthear na tíre. Maireann go leor taifeadánaí agus tá go leor den teangaidh scríofa síos.
Fear as Cluain Daimh a dhéanfas na ceardlanna seo a éascú, Ciarán Dunbar. Tá leabhar scríofa aige ar an chanamhaint, Cnuasach Focal as Oirialla.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:34:39

Admin/login Comments RSS

ILBF