Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands,

Trá Lí,  Co. Chiarraí

Luan Cásca, 21 Aibreán 2014

10.30am – 5.00pm

Stiúrthóirí: Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí

Pádraig Ó Snodaigh, file & foilsitheoir

• Líon rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar mhaithe le plé níos iomláine ar a saothair.

• Costas cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 1.00p.m. agus léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille).

• Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 11 Aibreán, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne roimhré, agus iad a bheith léite roimhré ag gach duine.

• Is cóir do gach rann­pháirtí 10 gcóip dá s(h)aothar féin a thabhairt leis / léi ar an lá. Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí príomhchúram na hócáide. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe araon.

Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí. feasta@eircom.net

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:24:57

Admin/login Comments RSS

ILBF