Ceapfar an tAire nua ar maidin Déardaoine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maidin Déardaoine a cheapfar comharba Alan Shatter thug urlabhraí rialtais le fios anocht. Bhí dreim leis an fhógra anocht ach dúradh tráthnóna gur maidin amárach a cheapfar an tAire nua. Ar na daoine is mó atá á lua tá Leo Varadkar, Charlie Flanagan agus Frances Fitzgerald. Ní heol go cruinnn cad atá i dtuarascáil Sean Guerin , tá 300 leathanach ann, ach is léir go bhfuil sé chomh tromchúiseach sin is gur shocraigh an tAire Shatter éirí as gan an t-iomlán a léamh ach i ndiaidh dó gan ach na sliochta leasmhara a léamh. Deir an Taoiseach go cáintear ann an Garda agus an tAire agus an Roinn as an dóigh easnamhach a chaith siad leis na líomhaintí a rinne an Sairsint Maurice Mc Cabe. Deir sé go bhfuil ceisteanna áirithe a bhaineann le príobháidedachas agus go bhfuil an tuarascáil leis an Ard Aighne i láthair na huaire agus na rudaí sin á mheas sula bhfoilseofar é Dé hAoine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 23:36:32

Admin/login Comments RSS

ILBF