Ceannaire ar bith ón Afraic, ó Mheiriceá Laidíneach nó ón domhan Arabach ag tórramh Sharon

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí cainteanna ó Joe Biden agus Tony Blair ar na buaicphointí do cheannairí eachtrannacha nuair a cuireadh Ariel Sharon inniu ag a rainse san fhásach Negev, ní fada ó Straice Gaza. Bhí ollslándáil ann agus tamall roimh an tórramh scaoileadh dá raicéad ó Gaza ach níor tháinig siad faoi chóngar na hócáide. Ní raibh aon cheannaire ó Mheiriceá Laidíneach, ón domhan Arabach ná ón Afraic ag an tórramh. Bhain Benjamin Netenyahu, Príomh Aire Iosrael, leas as an ócáid chun cur in iúl arís eile go mbainfeadh Iosrael úsáid as cibé a thógfadh sé chun a chinnitú de nach dtiocfadh leis an Iaráin airm niúcleacha a fhorbairt. Dar leis gur laoch de na mórlaochra ag Iosrael a ba ea é Ariel Sharon agus go mairfeadh a spiorad beo i measc Iosraelach go deo. Dar le Joe Biden, Leas Uachtarán Mheiriceá, gur fear casta a ba ea é Ariel Sharon in am casta agus i gcomharsanacht chasta. D’aithin sé gur spreag Ariel Sharon tuairimí láidre ar a shon agus ina éadan ach gur threoraigh aon rud amháin é ó thús deireadh, is é sin go mairfeadh an pobal Iosraelach agus stát Iosrael. Dar le Tony Blair nár fíor gur athraigh Ariel Sharon ó bheith ina ‘fhear cogaidh’ go bheith ina ‘fhear síochána.’ ‘Ba é a chuspóir straitéiseach riamh ná go mba gá an stát a chosaint …. do na glúnta a bhí le teacht. Nuair a ba éigean troid ar a son sin, throid sé. Nuair a ba éigean síocháin chuige sin bhí an cíocras céanna aige agus é ag iarraidh sin.’ Agus lean sé, ‘Agus é ag caint ar Iosrael bhí sé ag caint ní amháin faoi thír ach faoi phobal, faoi idé.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 03:07:51

Admin/login Comments RSS

ILBF