CeangalG – comhdháil Thír Chonaill

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

DSC_2492123 456 79810 111214 151617181920 21 22Bhí slua maith i láthair in Ostán An Chúirt i nDún Lúiche Thír Chonaill thar tréimhse lá go leith do sheoladh suíomh idirlíon an fhiontair CeangalG agus do chomhdháil a phléigh le roinnt de ghnéithe den obair a dhéanfaidh an fiontar ag iarraidh cumarsaid idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil Albain a láidriú agus a éascú. Ba é an tAire Stáit Dinny Mc Ginley a rinne an suíomh idirlín,  www.ceangalg.net. a sheoladh agus bhí faill ag na scórtha a bhí i láthair sult a bhaint as ceol ón ghrúpa iontach ‘Crann Óg’ agus a fheiceáil dóibh féin caighdeán na n-earraí atá á ndéanamh sa cheantar nó reáchtáladh an ócáid san ionad ealaíona le taobh An Chúirt. Ar ball b’iad Clann Mhic Ruairí a chuir scoth an cheoil ar fáil le clabhsúr thar a bheith pléisiúrtha a chur leis na himeachtaí. Déardaoin bhí cainteanna is plé ann ar ghnéithe comónta do na Gaeil in Albain is Éirinn. ‘Ag Scaipeadh Ár Scéal – An Ghaeltacht Choiteann’ an teideal a bhí ar an óc aid agus bhí ardchaighdeán ag baint le gach cainteoir.

Fionnbarra Ó Brolacháin ó Scoil Michael Smurfit ag Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath a chéad labhair agus ina chaint meabhrach spreagúil chuir sé i láthair a thaithí agus a smaointe faoin mheon a ghineann fiontraíocht, agus sin go háirithe i gcomhthéacs lucht miontheanga. Orthu sin bhí painéal a thug faill do Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael,

Cathy NicDhòmhnaill a bhí sa chathaoir agus orthu sin a labhair bhí ionadaí ó Taigh Chearsabhagh ar Uiste Thuaidh, fiontar ealaíne is cultúrtha, (www.taigh-chearsabhagh.org) urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta,  Dearbhal Standún ó Cnoc Suain (http://www.cnocsuain.com); Liam Ó Cuineagáin (Oideas Gael) www.oideasgael.com

San iarnóin bhí go leor ábhar machnaimh agus ábhar plé i gcaint léargas a thug Cillian Ó Fionnail maidir le ‘insint ár scéal féin’ agus sa mhéid a dúradh i siopaí oibre. Mheall an ócáid ag druidim le 200 duine, de réir garbhchuntas an iriseora seo, agus thug sé ardán maith do Ceangal G sa cheantar agus i measc na meán a bhí i láthair ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:51:04

Admin/login Comments RSS

ILBF