Cead an AE do mhaoiniú stáisiún niúcleach nua sa Bhreatain

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhíol siad amach don tionscal niúcleach agus is iad na cáiníocóirí agus an timpeallacht a bheidh thíos leis. B’shin breithiúnas na Síochána Glas ar chinneadh Choimisiún na hEorpa inniu chun ligean don Bhreatain luach na mbilliún de phunt a thabhairt do chomhlachtaí Francacha/Síneacha atá chun na stáisiúin a thógáil agus a reáchtáil ag Hinkley in iardheisceart na Breataine, 240 ciliméadar ar shiúil ó chósta na hÉireann. Tá dreim leis go mbeidh costas €30m ar an stáisiún. Bhí amhras ann go mbeadh gnéithe den phlean ag teacht salach ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le hiomaíocht ar bhonn cothrom agus gan maoiniú stáit a bheith ag tabhairt buntáiste do chomhlacht. Ach inniu dhiúltaigh an Coimisiún don tuiscint sin agus cheadaigh an mhaoiniú. Tosóidh an stáisiún nua ag Hinkley ag feidhmiú in 2023 agus mairfidh sé 60 bliain nó mar sin. Buille é an cinneadh seo do roinnt ballstáit agus go leor eagrais timpeallachta fud na hEorpa a bhí ag cur lena bhfreasúracht do chumhacht niúcleach díreach 3 bhliain i ndiaidh don taisme ag Fukushima amhras a chruthú arís eile faoin tionscail. Chuir an Ostair in iúl inniu go mbeidh siad ag tabhairt cás achomhairc i láthair Chúirt na hEorpa mar go gcreideann siad go bhfuil gnéithe de na socruithe airgeadais atá déanta idir rialtas na Breataine agus na comhlachtaí atá ceangailte leis an fhiontar ag teacht salach ar phrionsabail an Aontais.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 01:55:59

Admin/login Comments RSS

ILBF