Cás Margaretta D’Arcy – níl ról ar bith agam ann a deir an Taoiseach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus é ag freagairt ceiste ó Ghearóid Mac Adam sa Dáil inniu dúirt an Taoiseach nach raibh aon lámh ná páirt ag an rialtas I gcur faoi ghlas an scríbhneora. Tá Margaretta D’Arcy (79) faoi ghlas le beagnach seachtain anois I bPríosún Luimnigh in ainneoin galar Parkinson a bheith uirthi agus í a bheith ag teacht chuici féin ó bheith buailte ag ailse. Cuireadh faoi ghlas í nuair a dhiúltaigh sí barantas a shíniú ag dearbhú nach mbeadh sí páirteach feasta In agóidí I gcodanna áirithe d’Aerfort na Sionainne. Bhí sí páirteach I léirsithe I gcoinne ‘míleatú’ an aerfoirt. Inné thug bean an Uachtaráin, Sabina Higgins, cuairt uirthi. Cairde le fad iad agus deir an tUachtarán gur cuairt earsanta agus príobháideach a bhí ann. Den dara uair taobh istigh de roinnt laethanta mhol Gearóid Mc Adam inniu go saorófaí Margaretta D’Arcy mar gur ‘léir nach baol don phobal í agus nach coirpeach í.’ Mar fhreagra dúirt an Taoiseach gur faoi na cúirteanna atá sé plé le cásanna mar seo agus nach bhfuil ról ar bith le himirt ag polaiteoir sa ghnó sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive