Cás cúirte dátheangach ceadaithe ag breitheamh ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cheadaigh breitheamh sna Sé Chontae éisteacht chás cúirte I nGaeilge I ndiaidh dó fiosrú den PSNI an é gur ghabh siad fear as Baile Átha Cliath I nDoire cionn is gur thug sé a ainm is seoladh I nGaeilge. Tugadh le fios sa chúirt gur thug Dermot Douglas sonraí do na péas I nGaeilge I ndiaidh dó teacht amach as teach I gceantar an Chreagáin I nDoire ar 6 Márta. Tugadh os comhair na cúirte inniu é as gan a bheith ag soláthar eolas chuí, de réir a chumais,faoin Acht Dlí is Slándála. D’fhiafraigh an Breitheamh Barney McElholm den PSNI an é iomlán a gcás ná gur thug an fear a sheoladh is ainm I nGaeilge. Ar ball rinne an Breitheamh a wonderáil cad a tharlodh don fhear dá mba Síneach é nó Rómánach! Cheadaigh sé don Uasal Douglas a chás a dhéanamh I nGaeilge ar 1 Bealtaine nuair a bheidh an cás le héisteacht arís ar acht go dtugtar aird ar an sparán poiblí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 20:58:43

Admin/login Comments RSS

ILBF