Teitheann trodairí Ioslamacha san Iaráic

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh na scórtha trodaire de chuid Arm Ioslámach na Leiveainte campas ollscoile i gCúige Anbar tamall inniu agus thóg foireann agus mic léinn ina ngialla acu. Ach theith siad ar theacht saighdiúirí chuig an ceantar gan duine ar bith a mharú.  Is é seo an t-ionsaí is déanaí i ndianfheachtas ag trodairí ón AIanL le roinnt seachtainí anuas, ionsaithe a raibh na céadta ball acu páirteach ann. Tá codanna de Chúige Anbar faoi smacht ag na trodairí seo, ar den phobal Sunni cuid mhór acu, agus mar aon le hionsaithe ar phéas is saighdiúirí bíonn siad ag díriú cuid mhór aon duine ón phobal Shia.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:29:53

Admin/login Comments RSS

ILBF