Callinane feargach agus ag iarraidh soiléiriú ó Ombudsman an Gharda

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Coimisinéir an Gharda Síochána Martin Callinane go bhfuil sé ag iarraidh soiléiriú ó Choimisiún Ombudsman an Gharda maidir le tagairt a rinne siad don Gharda ina ráiteas aréir. Dar leo nach raibh ‘aon fhianaise go raibh mí-iompar ar bun ag an Gharda.’ Chuir an tagairt sin fearg ar an Choimisinéir, nó thig a thuiscint uaidh go raibh tuairim ann go dtiocfadh leis an Gharda a bheith ceangailte lena leithéid. Tá an Coimisinéir ag iarraidh soiléiriú anois ón Choimisiún faoi cad chuige a smaoinfeadh siad go mbeadh aon bhaint ná páirt ag na Gardaí sa scéal seo. Tá sé ag iarraidh fosta ar an Choimisiún tabhairt le fios an mbeidh gá leis an Gharda fiosrúchán a dhéanamh ar na haimrialtachtaí a aimsíodh nó ar aon ghné eile den scéal seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:34:12

Admin/login Comments RSS

ILBF