Caithfear glacadh leis an stair, uaireanta

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le Gearóid Ó Cairealláin

 

Tomhas agam daoibh an iarraidh seo.

Tá céad pointe agus saoire choicíse ar Oileán na gCon ag dul don chéad léitheoir atá ábalta ciall a bhaint as an méid seo a leanas, ‘Being Irish involves a lot more than some Uber-Gael Provo-like Pub-Patriot. (léid, silim gur Béarla atá ann!) Sliocht é ón Irish Times nuair a shocraigh ‘Nuachtán Taifid’ a ladhar a chur isteach sa rírá agus an ruaille buaille atá ag dul maidir le club iomána i nDún Geibhinn a bheith ainmnithe in ómós do Chaoimhín Ó Loingsigh, an ball den chlub a fuair bás i stailc ocrais na Ceise Fada in 1981.

Síleann an Irish Times gur cheist chrua chasta a leithéid seo, ach dar liom féin gur rud simplí é. Theastaigh ó bhunadh na háite ómós a thabhairt do laoch dár gcuid féin An té nach n-aontaíonn leis tá cead aige fanacht glan ar shiúil ó Chumann Chaoimhín Uí Loinghsigh i nDún Geibhinn. Tá sé tábhachtach  áfach nach ngéilleann an CLG do na  bithiúnaigh bhéalscaoilteacha ar an cheann seo. Nó má chuirtear cosc ar ainm Chaoimhín Uí Loingsigh sin ar shiúil le Páirc Mhic Asmaint, Páirc Uí Chrócaigh, gan trácht ar Chorn Mhig Uidhir agus Corn Mhic Carthaigh. Club na bPiarsach!  Club Rosa, agus na Mistéiligh a bhfuil a leithéidí i mBéal Feirste agus leoga fud na tíre.

Gan amhras roimh i bhfad beidh bomán éigin ag labhairt amach faoi ainmneacha ar nós Naomh Pól, Naomh Peadar agus Naomh Úna, nó is naoimh Caitliceacha iad seo. Anois agus mé i mbun an ábhair seo nach ait an rud é gur annamh a chluintear gearán mar gheall ar leithéidí ‘Chichester Street?’ Sa seachtú aois déag rinne Edward Chichester cineghlanadh ar Chaitlicigh oirthuaisceart na tíre seo. Ag obair ar son Rí Charles 1 i Sasan a bhí sé agus nuair a thuairiscigh sé go raibh na Pápairí , fir mná agus páistí, glanta, (is é sin curtha chun báis aige) bronnadh air oiread tailte nach dtiocfadh leis siúil in imeacht seachtaine.

Anois, níl mé ag moladh go n-athrófaí ainm Shráid Chichester i lár Bhéal Feirste, cé nach bhfuil de rogha againn ach an tsráid a úsáid. Ní maith liom é ach caithfidh mé glacadh leis mar chuid de stair na háite seo. B’fhéidir amach anseo go dtabharfaí Ascaill George Best air ach fan, tá aerfort aigesan cheana féin. Mórsháid Van Morrison mar sin….tiocfaidh an lá!c

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:50:46

Admin/login Comments RSS

ILBF