Cairde Teo – bus le dul go Lá Mór na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh muid ag eagrú turais go Baile Átha Cliath De Sathairn 15 Feabhra do na páistí atá ag freastal ar an chlub Gaeilge ag an Phláinéadlann. Cuirfear fáilte roimh thuismitheoirí agus teaghlaigh fosta ach beidh na cúntóirí ón chlub Gaeilge linn fosta. Beidh an bus ag imeacht as Ard Mhacha ar 9.30am. Beidh turas treoraithe i nGaeilge thart ar Iarsmalann na Leipreachán an mhaidin sin. Iarrtar lón pacáilte a ghlacadh. Beidh muid ag dul chuig an lá teaghlaigh Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar a 2 atá á eagrú le tacú le cearta phobal na Gaeilge. Beidh ceolchoirm ann le Seo Linn, Kíla agus leis Na Fíréin, chomh maith le haghaidhphéinteáil agus neart imeachtaí do pháistí agus do dhaoine óga. Táille don lá ar fad £5 an pháiste agus £8 do dhaoine fásta. Stopfaidh muid fá choinne bia ar an bhealach abhaile agus beidh muid ar ais in Ard Mhacha ar 6pm. Ní mór an táille a íoc roimh an Aoine seo, an 7 Feabhra le d’áit ar an bhus a dheimhniú. Cuir scairt ar Seán 028 3751 5229 sean@cairdeteo.com nó buail isteach chuig an siopa Cult Úr thuas staighre sa Eurospar.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:37:07

Admin/login Comments RSS

ILBF