Cairde le hamhrán a thaifeadadh ar son Phádraig Schäler

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cairde le hamhrán a thaifeadadh ar son Phádraig Schäler

 

 

Beidh cairde Phádraig Schäler ag teacht le chéile le hamhrán speisialta dátheangach a thaifeadadh ar mhaithe le hairgead a thiomsú don Ghael óg aitheanta as Baile Átha Cliath. Ghlac na daoine óga tiomanta céanna páirt i snámh dúshlánach i Mí Aibreáin nuair a thaistil siad timpeall na hÉireann thar thréimhse dhá lá, ag snámh go misniúil san fharraige fhuar i ngach contae sa tír a bhfuil cósta aige. Bhailigh siad €37,000 le linn na heachtra sin agus tá súil acu an méid sin a shárú an uair seo. Beidh ‘Oíche Mhór Cheoil do Phádraig’ ar siúl i gclub Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC, Dé Máirt 1 Iúil agus beidh an t-amhrán á thaifeadadh ar an 2-3ú Iúil in Sonic Studios, Bóthar na gCloch. Tá súil acu an t-amhrán a eisiúnt i Mí Lúnasa. Gortaíodh Pádraig, 24 bliana d’aois, go dona ar an 27 Meitheamh 2013 agus é ar víosa J1 in Cape Cod, SAM. Bhí sé ag rothaíocht go dtí a ionad oibre nuair a bhuail veain é agus fágadh i gcóma é ó shin. Bhí sé díreach críochnaithe leis an bhunchéim i gColáiste na Tríonóide, áit a ndearna sé staidéar ar an Stair agus ar an Ghaeilge. Tar éis do Phádraig coicís a chaitheamh in aonad dianchúraim sna Stáit Aontaithe, thóg a thuismitheoirí ar ais go hÉirinn é. Rinne siad an cinneadh Pádraig a bhogadh chun na Gearmáine ar deireadh, áit a bhfuil sé anois ag fáil an chúraim chuí agus ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile. Mhínigh an píobaire cáiliúil agus cara le Pádraig, Maitiú Ó Casáide, an smaoineamh a bhí taobh thiar den amhrán: “Scríobhann athair Phádraig, Reinhard, blag laethúil ag www.hospi-tales.com. Is slí iontach é do chairde Phádraig gach dul chun cinn a leanstan agus é chomh fada ar shiúl uainn sa Ghearmáin. Tá an blag thar a bheith corraitheach agus chuaigh post amháin go háirithe i bhfeidhm orm. Scríobh Reinhard faoi bhrionglóid a bhí aige, inar thóg sé féin agus Pádraig bád le chéile. Bhí sé fíorálainn agus spreag sé mé chun amhrán a scríobh darb ainm ‘Bád na mBrionglóidí’. Tá Pádraig an-tugtha don gceol agus tá sé an-chairdiúil le neart bannaí ceoil. An plean atá ann ná cairde Phádraig ar fad a bhailiú le cheile agus amhrán a thaifeadadh dó atá lán dóchais. Is é an sprioc atá againn ná an méid is mó airgid gur féidir linn a thiomsú ach fosta lenár ngrá agus ár dtacaíocht a léiriú do Phádraig is dá theaghlach, le rá leo go mbíonn muid i gcónaí ag smaoineamh orthu, anois ach go háirithe agus bliain imithe tharainn ó tharla an timpiste”. Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi Phádraig ag www.caringforpadraig.org. Chomh maith leis sin is féidir an blagphost a spreag an chumadóireacht seo a léamh ag http://hospi-tales.com/2014/01/03/dream/

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:07:43

Admin/login Comments RSS

ILBF