Caint Gregory Campbell ‘samhnasach’ – Martin Mc Guinness

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuir Leas Chéad Aire na Sé Chontae Martin Mc Guinness in iúl inniu go bhfuil an chaint a rinne Gregory Campbell faoin Ghaeilge ag comhdháil chinn bliana an DUP ag an deireadh seachtaine seo thart ‘samhnasach.’

‘Ní thig greann a thabhairt air seo’ ar seisean. ‘Bhí sé samhnasach agus ní raibh aon rud greannmhar faoi. Tá sé in am fás aníos, éirí as dul faoi choinne an comhaontú is lú, (lowest common denominator) agus ceannasaíocht a léiriú.’ Dar leis gur iontach leis nár ghearr an DUP aon smacht air as a chaint agus dar leis go mbeidh cuimhne ar an chomhdháil cionn is caint Gregory Campbell seachas aon rud eile. Agus lean sé leis,’Mura fheiceann an DUP oiread de dhamáiste is atá seo ag déanamh dóibh, mar pháirtí, ansin is drochtheachtaireacht amach é sin.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 07:15:37

Admin/login Comments RSS

ILBF