Cáineadh ar Adams as ‘bastaird’ a thabhairt ar lucht a fhreasúra

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir aontachtaithe gur samhnas leo caint Ghearóid Mhic Adam ag cruinniú poiblí in Inis Cheithlinn aréir nuair a thug sé ‘bastaird’ nó ‘tuilithe’ ar dhaoine áirithe a chuireann i gcoinne pholasaithe Shinn Féin. Dar le haontachtaithe go raibh sé ag ionsaí aontachtaithe. ‘Mea culpa’ a dúirt an Teachta Dála ar Twitter ar ball, é ag maíomh  go raibh sé ag tagairt do bhiogóidigh, do dhaoine atá i gcoinne dhaoine aeracha agus pobail eitneacha seachas d’aontachtaithe. Deir Arlene Foster (DUP) gur léirigh caint Ghearóid Mhic Adam a drochmheas ar phobal iomlán. Bhí an port céanna ag Mike Nesbitt, (UUP) ach deir sé gur mheasa leis fós gur thug Gearóid Mc Adam ‘trojan horse’ ar chothromas is comhurraim, é ag maíomh gur sin an rud a bhrisfidh ar na ‘bastaird.’ Cháin David Ford, (Páirtí an Chomhaontais) an chaint agus mhaígh gur bhaol go ndéanfadh an chaint seo dochar do na hiarrachtaí chun reachtaíocht cothromais a chur chun cinn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-18 06:26:45

Admin/login Comments RSS

ILBF