Cáineadh ag ceannairí Iosrael ar mharú déagóra Palaistínigh agus teannas ag treisiú ar gach taobh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh do Mahmoud Abbas éileamh ar rialtas Iosrael dúnmharú Phalaistíneach óg a cháineadh thug Benjamin Netenyahu ‘dúnmharú samhnasach’ ar mharú Mohammed Hasan Abu Khdair. Cháin Méara Iarúsailéim mar aon le roinnt ceannairí Iosraelacha eile an dúnmharú, cé nach bhfuil sé soiléir go fóill, dar leis an phéas cad chuige a maraíodh an buachaill. Maraíodh é áfach cúpla uair a chloig i ndiaidh tórramh triúr déagóir Iosraelach a fuadaíodh agus a maraíodh ag daoine gan aithne. Dar le tuismitheoirí duine den triúr , Naftali Frenkel,  go mba shamhnasach dá mba rud é gur maraíodh Mohammed Khdair mar dhíoltas ar mharú a mic. Dar leo gur ionann fuil Palaistíneach agus fuil Giúdach. Dar le máthair Mohammed Khdair nach bhfuil sí in amhras gur áitritheoirí Iosraelacha a bhí freagrach as an mharú. Dar léi go ‘ngoideann siad ár dtalamh agus anois goideann siad ár mic.’

Fuarthas corp Mohammed Khdair (16), é dóite agus lorg de chéasadh air, i bhforais ar imeall Iarúsailéim. D’fhuadaigh roinnt fir é faoi chóngar dá bhaile aréir agus fuarthas a chorp i dtrátha a sé a chlog ar maidin. Bhí roinnt ionsaithe ar Phalaistínigh feadh Iarúsailéim aréir agus deir na péas in Iosrael gur ghabh siad suas go 50 duine as a bheith ag déanamh iarracht chun Palaistínigh a ionsaí nó as loitiméireacht. Bhí roinnt mílte Iosraelach páirteach i léirsiú ag iarraidh díoltais as marú an triúr dhéagóir Iosraelach. Tá Iosraelaigh ó gach aicme is cúlra ag iarraidh go mbeadh aisfhreagra láidir ar mharú na ndéagóirí agus ó tharla áitritheoirí iad is amhlaidh is láidre an éileamh ó áitritheoirí go mbeadh an aisfhreagra sin fada agus géar. Tá saighdiúirí go leor ar 31,000 duine a thacaigh le leathanach Facebook ag éileamh díoltais as na maruithe.

Gortaíodh os cionn 50 Palaistíneach nuair a chuaigh scaife i mbun círéibe in Oirthear Iarúsailéim inniu i ndiaidh dóibh cloisteáil faoi bhás Mohammed Khdair. Tá an teannas ag treisiú i rith an ama agus ComhAireacht Iosrael ag bualadh le chéile tráthnóna chun a shocrú ar an aisfhreagra míleata agus eile a thabharfaidh siad ar mharú na ndéagóirí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:40:22

Admin/login Comments RSS

ILBF