Cailleann comhairleoir Gaeilge Shinn Féin i mBéal Feirste a shuíochán

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí díoma ar Shinn Féin i Sliabh Dubh i mBéal Feirste anocht nuair a chaill siad duine de na Gaeil is aitheanta ar an Chomhairle, an comhairleoir Caoimhín Mac Giolla Mhín. irt an Comhairleoir Máirtín Ó Muilleoir gur brón leis nach mbeidh a chomhradaí ar an chomhairle leis ach go bhfuil sé cinnte de go mbeidh Caoimhín Mac Giolla Mhín ar ais amach anseo. Máirtín Ó Muilleoir@newbelfast 21m

ní raibh an t-ádh ar mo chomrádaí Caoimhín Mac Giolla Mhín ach beidh sé ar ais gan amhras. @caoimhinmgm

 

 

D’éirigh le Sinn Féin cúig cinn de seacht suíochán a bhaint sa toghcheantar ach in ainneoin tuairimíocht a bheith ann go luath go gcaillfeadh Tim Attwood, SDLP, a shuíochan tháiniig go leor aistriúcháin chuige agus bhain sé an suíochán.Bhain Gerry Carroll suíochán sa toghcheantar níos luaithe inniu do People Before Profit.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:23:10

Admin/login Comments RSS

ILBF