Cá bhfuil ár dtriall? Dr. Pádraig Ó Baoighill (Rann na Feirste)

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le caoinchead An tUltach  -

 

http://antultach.wordpress.com/

 

 

Dr. Padraig O Baoighill as Rann na Feirste, údar agus Uachtarán ‘An tUltach’

Tá cinneadh mífhortúnach déanta ag Foras na Gaeilge deireadh a chur le maoiniú d’irisí clóite Gaeilge agus d’irisí eile ó mhí an Mheithimh 2014 ar aghaidh. Cinneadh é seo a dhéanann neamhiontas iomlán den phobal thraidisiúnta ar toil leo an léitheoireacht. Tá agus Gaelsceál imithe, agus tá Goitse na Gaeltachta gan mhaoiniú. An bhfuil suim ar bith acu sna daoine atá ag éirí sean?

I measc na n-irisí eile atá i mbaol i láthair na huaire tá Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, an t-eagras sin a chothaigh spiorad na hathbheochana agus na saoirse ó bunaíodh é in 1893. Ba iad a bhí i mbun An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae, nuachtáin a spreag scríbhneoirí thuaidh agus theas chun pinn. Bhí Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis agus é ag troid in aghaidh an Murder Machine a d’úsáid an rialtas Gallda le leathnú na Gaeilge a chosc. Ba é an Conradh céanna a bhunaigh an tOireachtas a chuir duaiseanna fiúntacha ar fáil do scríbhneoirí riamh ó shin.

Chomh maith leis an diúltú do Feasta, agus ní rialtas Gallda atá sa tír anois, tá an Foras mar an gcéanna ag brath ar mhaoiniú a tharraingt siar ó An tUltach, buile mharfach do Ghaeil Chúige Uladh. Ba shuarach amach mar a rinne siad an gníomh seo ag am a bhfuil coiste úr óg díograiseach ag déanamh socruithe comóradh 90 bliain de bhunú na hirise (1924) a cheiliúradh.

Is cás faoi leith An tUltach atá ag feidhmiú faoi chóras rialtais nach bhfuil fabhrach do chur chun cinn na Gaeilge. Is é An tUltach a spreag scríbhneoirí móra Chúige Uladh chun pinn an chéad lá riamh. Scríbhneoirí mar Chlann Mhic Grianna, Seaghán Bán Mac Meanman, Fionn Mac Cumhaill, Niall Ó Dónaill, Séamas Ó Searcaigh, Aindrias Ó Baoighill, Eoghan Ó Dónaill, Tadhg Ó Rabhartaigh agus mórán eile. B’uirlis iontach An tUltach do chur chun cinn na Gaeilge sna scoltacha ar fud Chúige Uladh agus bhí béim mhór i gcónaí ar scríbhinní ón Ghaeltacht. B’iontach go deo an saothar a rinne iriseoirí, eagarthóirí agus coistí le beagnach céad bliain anuas agus d’ainneoin dhá thréimhse de thrioblóidí achrannacha go dtáinig An tUltach ar an saol achan mhí gan staonadh.

Is cosúil nach dtuigeann an Foras an dúchas Ultach, mar chomh maith leis an bhagar diúltaithe do An tUltach, tá trí eagras i gCúige Uladh a rinne an-obair ar son na Gaeilge fágtha ar an bhlár fholamh .i. Iontaobhas Ultach, Altram agus Pobal.

Seo an méid a dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal (Irish News, 27 Eanáir 2014):

Pobal claim Foras na Gaeilge’s proposals will also severely damage the language throughout the country. This has been a divisive and highly flawed process.

Is deighilteach agus lochtach gan amhras mar a rinne siad le scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall anuas. Le dúnadh agus Gaelscéal rinneadh iarracht saoirse an scríbhneora Ghaeilge a cheansú. Lena chois sin, fágadh Áis gan bainisteoir le blianta fada agus níor ceapadh duine margaíochta lánaimseartha don eagraíocht. Diúltaíodh coimisiúin do scríbhneoirí fosta. Ní raibh cead agamsa cur isteach ar choimisiún mar go raibh mé faoi choimirce foilsitheoir aithnithe, agus ní sin gach rud. Mar scríbhneoir lánaimseartha Gaeilge a bhfuil 15 bhunleabhar scríofa agam ó 1993, ní raibh ábhar gearáin agam go dtí gur cuireadh Bord na Leabhar Gaeilge faoi choimirce an Fhorais atá ann anois. Roimhe sin, fuair mé cabhair ó Fhoras na Gaeilge agus bhí daoine ann a thuig an scríbhneoir ach níl a fhios agam cá bhfuil ár dtriall anois – diúltú, deighilt, soibealtacht, duairceas. Ní féidir leis leanúint – caithfidh An tUltach mairstin!

D’ainneoin an chrá croí sin uilig tharla cúpla rud ar na mallaibh a thug misneach domh:

(a)  An feachtas ‘Dearg le Fearg’ a dtáinig suas le 10,000 duine, idir shean agus óg, uasal is íseal go geaftaí na Dála agus iad lom dairíribh fá neamart an chórais rialtais i leith na Gaeilge a athrach.

(b)  Tuigim go bhfuil feachtais eile le theacht atá riachtanach ach a thógann am nach bhfuil ag scríbhneoir. I dtaca liom féin de, is mar namhaid don scríbhneoir Gaeilge a tchím dearadh an Fhorais le cúpla bliain, rud nach bhfuil ceart ná cóir. Bheinn ag impí ar an Fhoras breith ar a gciall, cumarsáid chairdiúil a chur in áit an duaircis agus gan dearmad a dhéanamh don dúchas Ultach. Muna dtógtar muid go tapaidh as umar an diúltaithe agus an duaircis seo is feachtas láidir eile ‘Foras le Fearg’ a bheas i gceist agus níl an lárionad i bhfad ó gheaftaí na Dála.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 07:12:08

Admin/login Comments RSS

ILBF