Bus do Ghaeilgeoirí do chluiche comhrialacha Pháirc an Chrócaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ba mhian linn bus a eagrú do Ghaeilgeoirí dul go Páric an Chrócaigh chuig an dara cluiche comhrialacha idir Éire agus an Astráil i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn 26 Deireadh Fómhair, má bhíonn an t-éileamh ann. Beidh an bus ag fagáil An Carn ar an Satharn ar 2pm agus beidh sé ag pilleadh ar áis ar An Carn ar meán oíche. Ní mór do pháistí & dhaoine óga faoi 16′daois a bheith faoi chúram duine fásta ainmnithe atá ag taisteal ar an bhus. Costas: Beidh costas £30 ar dhaoine fásta (£20 ticéad & £10 don bhus) agus costas £10 ar pháistí (£4 ticéad & £6 don bhus). Is feidir le daoine á dticéad féin a cheannacht más mian leo nó beidh An Carn sásta ticéid don ghrúpa a cheannacht ach ní mór an táille iomláin a dhíol roimh Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair le d’áit a chur in áirithe. Más mian leat taisteal ar an bhus amhain, ní mór d’áit a chur in áirithe roimh Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair. 028 79549978 Scaip an scéal!!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 23:41:58

Admin/login Comments RSS

ILBF