Buaiteoirí Comórtas Ghlór na nGael 2013 beo ar Iris Aniar

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Fógairt Duaiseanna Ghlór na nGael an tseachtain seo
D’fhógair Glór na nGael inniu go bhfógrófar liosta buaiteoirí Comórtas Ghlór na nGael 2013 beo ar Iris Aniar, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Déardaoin 27 Feabhra idir 9.15 agus 10.00. Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh an comórtas buíoch do Raidió na Gaeltachta as an tacaíocht arís i mbliana chun deis na buaiteoirí a nochtadh ar ardán poiblí an raidió. ‘Beidh coistí agus grúpaí agus Gaeil aonair ag éisteacht isteach leis an gclár le torthaí an chomórtais a chloisteáil’ arsa sé. ‘Is cúis áthais dúinn a bheith ag tuairisciú inniu …go mbeidh bréis agus €120,000 sa duaischiste i mbliana agus táimid faoi chomaoin ag an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an dea-scéal go bhfuil €20,000 curtha ar fáil acu do phríomhdhuais náisiúnta an chomórtais.’
Fógrófar gearrliosta na gcoistí atá in iomaíocht do na duaiseanna sa chomórtas náisiúnta ar an gclár ach beidh orthu fanacht go dtí an 29 Mí Márta nuair a scaoilfear an rún cá bhfuil na an Príomhdhuais ag dul i mbliana ag ócáid bhliantúil Bronnadh Ghlór an nGael, I gCaisleán Chluain Tarbh. Beidh go leor coistí eile, in Éirinn agus thar lear, ag fáil amach ar éirigh lena n-iarrachtaí nuair a fhógróidh ceannasaí Ghlór, agus Bainisteoir Ghlór, Nóra Welby, buaiteoirí na gcomórtas do na duaiseanna speisialta, don chomórtas Global Gaeilge agus don chomórtas Tríú Leibhéal.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 22:05:16

Admin/login Comments RSS

ILBF