Buaileann ionadaithe pobalbhunaithe le hAire RCEF maidir le ‘Scéim Mhaoinithe Riachtanach’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

 

Bhuail toscaireacht ionadaithe ar son ghrúpaí Gaeilge áitiúla i dtuaisceart na hÉireann le hAire RCEF Caral Ní Chuilín ar an Luan(10-11-14) chun buarthaí a chur in iúl faoi na moltaí nua atá Foras na Gaeilge ag tarraingt anuas trí chomhairliúchán maidir le Scéim Phobal Ghaeilge.

 

Molann an comhairliúchan athrú ó mhaoiniú a thabhairt do ghrúpaí teanga bunaithe ar éileamh agus ar thoilleadh chun ‘raon cothrom geagrafach’ acmhainní a chinntiú. Meastar go bhfuil an bhunscéim barrthábhachtach leis an phobal Gaeilge sa Tuaisceart a chothú, in éagmais creatlaí reachtaíochta. Is é an Tuaisceart an t-aon réigiún amháin ar na hoileáin seo gan reachtaíocht ar bith lena theanga dhúchais a chur chun cinn. Bhí an chéad scéim mhaoinithe an-rathúil maidir le tacaíocht a thabhairt do na pobail Gaeilge atá ag dul i méid agus thacaigh sí le mogalra láidir grúpaí pobail beoga agus torthúla i roinnt ceantar is mó díothaí sa Tuaisceart. Tá 19 grúpa á maoiniú faoin scéim seo ar fud an oileáin agus tá 11 díobh seo lonnaithe sa Tuaisceart. In áit an maoiniu a dháileadh ar bhonn éilimh, molann Foras na Gaeilge go gcuifear teorainn ar an líon oifigeach teanga go hoifigeach amháin nó dhó an Contae. Is é an toradh ar seo go mbogtar oifigigh teanga ó cheantair a bhfuil móréileamh go ceantair nach bhfuil ach beagán gníomhaíochta nó gníomhaíocht ar bith. Má chuirfear na moltaí seo i bhfeidhm, díchobhsóidh sé mogalra an phobail Ghaeilge agus cuirfidh siad an fhorbairt i gceantair aitheanta i mbéal forbartha faoi bhagairt.

 

Thug an toscaireacht aighneachtaí don Aire Carál Ní Chuilín ar son na ngrúpaí go léir sa tuaisceart ag cruinniú a bhí acu léi in Stormont inniu. Ina dhiaidh dúirt Sue Pentel ó Ionad Uíbh Eachach sa Cheathrú Ghaeltachta, “Tá muid fíor bhuíoch den Aire as deis a thabhairt dúinn ár mbuarthaí fiorthromchúiseacha a chur in iúl faoi na moltaí i gcáipéis chomhairliúcháin Fhoras na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aici tosaíocht a thabhairt don ‘raon tíreolaíoch’ seo i ndáileadh mhaoiniú pobail in áit é bheith bunaithe ar an éileamh agus ar riachtanais ar an talamh. Gearrfaidh na moltaí seo pionós ar ghrúpaí as bheith éifeachtach agus an-eagraithe agus bainfear maoiniú ar shiúl ó cheantair a bhfuil infrastruchtúr pobail rathúil acu agus tabharfar é do cheantair nach bhfuil riachtanas soiléir ann. Má chuirfear na moltaí seo i bhfeidhm, bainfidh siad na cosa ón phobal Gaeilge pobalbhunaithe sa Tuaisceart a bhí ag forbairt le breis an 40 bliain anuas gan mórán tacaíochta reachtúla”.

 

Fianaise ar an obair dhian agus ar dhiograiseacht na bpobal is ea é an borradh mór atá tagtha ar an phobal Gaeilge sa Tuaisceart. Ó bunaíodh an chéad Bhunscoil in Iarthar Bhéal Feirste in 1971, cothaíodh pobail Ghaeilge I gcuid mhór ceantar taobh amuigh de Bhéal Feirste, trí bhunú na nGaelscoileanna i dtús báire. Sa deichniúr is déanaí mar shampla, bhí fás agus forbairt iontach mór i gceantair amhail Ard Mhacha, agus i gContae Dhoire. Tá cúig phobal Gaeilge fhorásacha agus oifigeach amháin lonnaithe in An Carn i gContae Dhoire tuaithe. Thug an toscaireacht le fios go raibh géarghá le níos mó oifigeach teanga sa cheantar seo. Chomhiarr pobal Gaeilge Dhún Géimhinn agus Léim an Mhadaidh ar Fhoras na Gaeilge go gcuirfí oifigeach teanga chucu chun tacú leis na pobail fhorásacha agus leis an dá thionscadal caipitil molta seo sular chuir an Foras an scéim nua i leataobh go dtí i ndiaidh an chomhairliúcháin.

 

I ndiaidh an chruinnithe inniu dúirt Gearóid Ó Machail ar son an ghrúpa pobail, Cairde Teo i gcathair Ard Mhacha, ‘mhínigh muid don Aire Ní Chuilín go raibh an t-athrú aondeonach sna critéir mhaoinithe trí scrúdú ar an léarscáil náisiúnta seachas measúnú a dhéanamh ar agus tabhairt faoi chúrsaí realaíocha ar an talamh amhail an daonra, pobail na nGaelscoileanna, leibhéal na gníomhaíochta agus an éilimh i gcontrárthacht leis an taighde réasúnach agus sochtheangealaíochta agus le comheispéarasa phobail Ghaeilge sa Tuaisceart. Thug muid le fios fosta go mbainfeadh ann t-athrú molta an bonn d’fhiontar Líofa atá á chur chun cinn tríd an mhogalra atá ann faoi láthair agus go sáródh sé an dréachstraitéis don Ghaeilge i tuaisceart na hÉireann a aithníonn an gá le hinfheistiú i bhforbairt na teanga ar bhonn pobail mar a bhfuil an t-éileamh ann faoi láthair.’

 

Dúirt urlabhraí Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a dhéanann abhcóideacht ar son na ngrúpaí teanga pobalbhunaithe, ‘Is í an teachtaireacht shoiléir ó na grúpaí seo go raibh an scéim rathúil agus gur gá lena leathnú le riar ar an éileamh méadaithe. Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge agus do RCEF díriú ar níos mó infheistíochta a fháil a bheadh riachtanach leis na mhogalra láithreach d’oifigigh teanga a chothú agus chun tacu le ceantair forbartha i ngátar soiléir.”

 

Maidir leis an cháipéis chomhairliúcháin dúirt an tUasal Mac Giolla Bhéin, “tá an cháipéis lochtach mar teipeann uirthi comhthéacs éagsúil forbartha teanga a aithint sa Tuaisceart i gcomórtas leis an Deisceart. Sa Tuaisceart bhí beagán tacaíochta nó tacaíocht stairiúil ar bith d’fhorbairt teanga laistigh de phobail agus dá deasca seo, d’fhás na grúpaí go horgánach ón bhun aníos agus níl thig leo dul ar iontaoibh maoinithe eile ó stát nach dtugann cosaint dhleathach dóibh. De dheasca na heaspa stádais agus na creatlaí reachtaí don phobal Gaeilge sa Tuaisceart, tá an tacaíocht leanunach don scéim seo de dhíth ar an phobal. Ba chóir dó seo tabhairt faoi agus cuidiu leis an mhogalra fhairsingíoch de phobail Ghaeilge sa Tuaisceart. Seo an teachtaireacht shoiléir atá á cur in iúl do RCEF agus d’Fhoras na Gaeilge inniu ar son na ngrúpaí pobail Gaeilge”

 

‘Beidh an comhairliúchán ag dul ar aghaidh go dtí 24ú Samhain agus tá an toscaireacht ar iarraidh ar gach grúpa pobail Gaeilge, duine aonair, scoil agus eagras pobail páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus le tacú le forbairt leanúnach na teanga ar fun an oileáin, tríd an bhunsamhail riachtanas-bhunaithe a choinneáil agus a fhorbairt.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive