Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar …… Gearóid Ó Cairealláin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

gear

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á fháil ag Gearóid Ó Cairealláin

Inniu (Dé Luain, 12 Bealtaine) fógraíodh gurb ar Ghearóid Ó Cairealláin a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2014. Bronnfar an gradam sin air ag searmanas bliantúil Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014 in Óstán Galway Bay, Gaillimh. Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh agus tugtar ómós do na hiriseoirí, na láithreoirí, na haisteoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.

As ceantar na bhFál i mBéal Feirste do Ghearóid Ó Cairealláin ó thús. Tá sé gníomhach i saol agus i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí sé ina dhéagóir. I Meán Fómhair 1981, bhunaigh Gearóid an nuachtán seachtainiúil, Preas an Phobail. Agus ansin i 1984, bhunaigh sé féin agus Eoghan Ó Néill an chéad nuachtán laethúil Gaeilge, LÁ. Le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí, ba thráchtaire aitheanta é Gearóid ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ. Bhí lámh aige i mbunú fiche tionscadal Gaeilge, ina measc sin Compántas Amharclainne Aisling Ghéar, Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil Feirste. In 1995, toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é.

In 2006 leag stróc Gearóid, stróc chomh tromchúiseach sin gur fógraíodh marbh é. Ach bhréagnaigh sé na saineolaithe agus cé gur fhág an stróc an taobh clé dá chorp gan mhothú, tá sé gníomhach i saol na Gaeilge ó shin.

I mí Feabhra 2014, i gcomhar le Compántas Amharclainne Aisling Ghéar, léirigh sé an dráma Wheelchair Monologues faoina shaol roimh an stróc agus ina dhiaidh, dráma a shaothraigh ardmholadh.

Faoi láthair, tá Gearóid ina Chathaoirleach ar Bhord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus chomh maith leis sin, bíonn sé ag craoladh ar Raidió Fáilte, aistríonn agus comhléiríonn sé drámaí agus is colúnaí é ar an suíomh nuachta www.nuacht24.com.

“Is cúis mhór áthais dúinn Buaic-Ghradam na bliana seo a bhronnadh ar Ghearóid,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bhí, agus tá, lámh ag Gearóid i mbeagnach gach rud a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh – fear eisceachtúil atá ann.”

Fógrófar na buaiteoirí eile ar fad ar an oíche agus is féidir breathnú ar an searmanas bronnta beo ar www.tg4.tv ó 8.15 pm – 9.30 pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 14:24:53

Admin/login Comments RSS

ILBF