Bua ar leith don Taibhdhearc

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fógraíodh buaiteoirí na nGradam Stewart Parker 2013 ag searmanas i mBéal
Feirste ar an gCéadaoin seo caite. Bronnadh an Gradam Drámaíochta Gaeilge de
chuid BBC Tuaisceart Éireann ar Macdara Ó Fatharta don drama, An Tíoránach
Drogallach, a bhí léirithe ag an Taibhdhearc agus a bhí stiúrtha ag Anne
McCabe.

Is é Ó Fátharta a d’aistrigh an dráma, The Last Days of a Reluctant Tyrant,
atá scríofa ag an drámadóir clúiteach Tom Murphy, pátrún nua na
Taibhdheirce. Bhí páirt ag Macdara i léirithe den dráma sa Taibhdhearc le
linn Fhéile Ealaíne na Gaillimhe an samhradh seo caite. Tá aithne mhaith air
dá charachtar, ‘Tadhg’, sa sobaldráma Gaeilge, Ros na Rún.

Ag labhairt i nGaillimh inné, dúirt Anne McCabe, stiúrthóir nua ealaíne na
Taibhdheirce, go raibh an-ríméad uirthi gur bronnadh an gradam seo ar
Macdara mar gheall ‘gur éirigh leis an bunleagan den dráma a chaomhnú sa
leagan aistrithe agus chomh maith leis sin, go raibh an t-aistriúchán féin
an-saibhir agus an-fhileata go deo’.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:41:35

Admin/login Comments RSS

ILBF