Brian Farrell i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an iarchraoltóir le RTÉ Brian Farrell i ndiaidh a bháis. Bhí sé 85 bliain d’aois. Bhí dhá scor bliain caite aige ag RTÉ agus é ina láithreoir ar roinnt de na cláir cúrsaí reatha is aitheanta acu mar aon le bheith ina shaineolaí ar ghnóithe pholaitíochta agus go háirithe gnóithe toghcháin. Rugadh Brian Farrell in 1929 i Manchain Shasana agus le linn an Dara Cogadh Domhanda chuaigh a mhuintir ar ais go Baile Átha Cliath. Fuair sé a bhun oideachas i gColáiste Mhuire roimh dul go UCD agus ar ball Harvard. Sna 1950í bhí sé ina scríbhneoir / iriseoir ag Scéala Éireann agus in 1962 chuaigh sé le RTÉ tamall beag i ndiaidh dó dul i mbun craolta. Ina dhiaidh sin d’oibrigh sé ar fiche clár, orthu sin Broadsheet, Newsbeat, 7 Days, Today Tonight agus Prime Time. Dúirt Ard Stiúrthóir RTÉ Noel Curran go raibh tionchar dearfach iontach aige ar fhoireann chúrsaí reatha RTÉ agus gur iontach an duine é le hoibriú leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:41:14

Admin/login Comments RSS

ILBF