Breis is €32,000 tiomsithe ag 50 Duine Óga a bhí ag Snámh ar son Phádraig Schäler

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Snámh Phádraig

Breis is €32,000 tiomsithe ag 50 Duine Óga a bhí ag Snámh ar son Phádraig Schäler

*ÍOMHANNA AR ARD-CHAIGHDEÁN LE FÁIL ACH CEIST A CHUR*

 

Ghlac 50 duine óga páirt i ‘Snámh Phádraig’ an deireadh seachtaine seo caite, imeacht tiomsiú airgid ar son a gcarad, Pádraig Schaler, fear óg, Gaeilgeoir aitheanta agus snámhóir den scoth as Baile Átha Cliath. Thosaigh an grúpa leis an snámh maidin Shathairn i mBaile Brigín, Co. Átha Cliath agus thaisteal siad thart timpeall cósta na hÉireann ar fad thar an dhá lá  Cuireadh críoch bhríomhar leis an imeacht faoi sholas na gealaí ar Chladach Bhré, Co. Chill Mhantáin tar éis dóibh an dúshlán – snámh i ngach contae sa tír a bhfuil cósta aige, a chur i gcrích. Is é sin 17 gcontae san iomlán!

 

Gortaíodh Pádraig, 23 bliana d’aois, go dona Mí an Mheithimh seo caite in Cape Cod, Massachusetts fad is a bhí sé ag obair thall ar víosa J1 díreach tar éis dó a bhunchéim a bhaint amach i gColáiste na Tríonoide. Agus é ag rothaíocht chun a ionad oibre, leagadh é den rothar ag veain agus fágadh é i gcóma ó shin. Tar éis dó dá sheachtain a chaitheamh in aonad dianchúraim sna Stáit Aontaithe, d’fhill sé ar ais go hÉirinn. Cúpla mí ina dhiaidh sin, ghlac a chlann an cinneadh é a bhogadh chun na Gearmáine, áit ina bhfuil sé faoi láthair ag fáil an chúraim chuí agus ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile.

 

Arsa Aodhán Ó Deá, eagraí an tsnámha: “D’éirigh go hiontach le ‘Snámh Phádraig.’ Tá buíochas agus aitheantas ollmhór tuilte ag gach duine rannpháirteach san imeacht agus ag na daoine ar fad a dheonaigh airgead dúinn. Léiríodh tacaíocht thar na bearta don imeacht fad fud na tíre, idir muintir áitiúla ag na tránna éagsúla a tháining orainn trí thimpiste agus iad amuigh ag siúil ag an deireadh seachtaine go máithreacha a rinneadh bunóga agus cácaí dúinn agus muid préachta ar an mbus ag taisteal ó chontae go contae – bhí atmaisféar ar leith ann agus baineadh díol fir as charactar agus spiorad Phádraig leis an imeacht seo.”

 

Nuair a scríobhadh seo, bhí breis is €32,000 tiomsaithe ar son ‘Caring for Pádraig’, císte speisialta curtha ar bun le tabhairt faoi na costais éagsúla a bhaineann le cúram Phádraig. Is féidir airgead a dheonú do ‘Snámh Phádraig’ fós ag  www.bit.ly/donatepadraig.

 

Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi Phádraig ag www.caringforpadraig.org. Chomh maith leis sin, scríobhann athair Phádraig, Reinhard Schäler, blag misniúil gach lá ag www.hospi-tales.com.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive