Bradley: ‘Tógáil Croí Dúinn Lá Mór na Gaeilge’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ráite ag Dominic BradleyBall Tionól an Tuaiscirt don Iúr agus d’Ard Mhacha de
chuid Pháirtí Daonlachach Sóisialta an Lucht Oibre gur tógáil croí do phobal na
Gaeilge sa tír seo an méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath
inniu chun a míshásaimh leis an dóigh a bhfuil  an dá rialtas thuaidh agus theas ag
caitheamh leis an Ghaeilge. Dúirt Urlabhraí Gaeilge Pháirtí Daonlachach Sóisialta an
Lucht Oibre agus é ag caint i mBaile Átha Cliath tar éis na hagóide,

‘Thaistil me go Baile Átha Cliath le baicle de Ghaeil Oirghialla agus ba thógáil
croí domsa agus dá lán dá raibh i láthair inniu suas le 10,000 duine a fheiceáil sa
mhórshiúl ar Lá Mór na Gaeilge, daoine a tháinig as chúile chearn den tír agus as na
Gaeltachtaí uilig.  Tá sé ríshoiléir ón tinmreamh a bhí ar agóid an lae inniu nach
bhfuil pobal na Gaeilge sásta a thuilleadh glacadh leis an dóigh a bhfuiltear ag
caitheamh leis an Ghaeilge sa tír seo faoi láthair.

‘Is í ár dteanga náisiúnta í an Ghaeilge agus an tseoid is luachmhara san oidhreacht
againn agus ní ghlacfar a thuilleadh leis an bhrú chun imill atá á dhéanamh ag na
rialtais thuaidh agus theas uirthi.  Tá súil agam gur gairm dhúisigh a bheas i Lá
Mór na Gaeilge don dá rialtas agus go dtuigfidh siad nach gcuirfidh pobal na Gaeilge
suas a tuilleadh le hiarrachtaí chun an Ghaeilge a dhíspeagadh ó thaobh maoinithe nó
polasaí de.
Dominic Bradley MLA
SDLP MLA for Newry and Armagh
Urlabhraí  an Pháirtí ar an Ghaeilge

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:32:04

Admin/login Comments RSS

ILBF