Bradley Níor chóir glacadh leis an fhógraíocht in áit na gníomhaíochta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bradley Níor chóir glacadh leis an fhógraíocht in áit na gníomhaíochta

 

Tá fáilte curtha ag Urlabhraí Gaeilge Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre, Doiminic Ó Brolcháin, roimh  roimh an fheachtas fógraíochta nua ilmheánach  atá beartaithe ag an Roinn Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta le tacú leis an scéim ‘Líofa’.  Ag labhairt dó ar an cheist bhí an méid seo le rá ag an Bhrolachánach,   ‘Cuirim fáilte leis an fheachtas poibllíochta seo a thabharfaidh tacaíocht don scéim ‘Liofá.  Tá súil agam go n-éiríonn leis níos mó daoine a mhealladh chuig an teanga – go háirithe iadsiúd nach bhfuair seans nó deis an Ghaeilge a fhoghlaim ar an bhunscoil nó ar an mheánscoil.    ‘Tá gá, ar ndóigh, dul i bhfeidhm ar dhaoine óga atá ag tabhairt droim láimhe don teanga ag deireadh Eochairchéim a 3 sna meánscoileanna Béarla, agus lena chois sin, deiseanna foghlama a chur ar fáil do pháistí sna bunscoileanna Béarla nach bhfaigheanna deis faoi láthair an Ghaeilge a fhoghlaim.  Cé go gcuidíonn an fhógraíocht le haird a tharraingt ar an teanga tá i bhfad níos mó i gceist agus níor chóir ag am ar bith glacadh leis an fhógraíocht in áit na gníomhaíochta.   ‘Caithfear tabhairt faoi na bunfhadhbanna agus beart a dhéanamh de réir briathair.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 03:59:13

Admin/login Comments RSS

ILBF