Bowie ‘Stay with us’ ina díbhinn iontach do Twitter Facebook agus na meáin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

‘Scotland, Stay with us’ a mhol David Bowie aréir agus é ag glacadh, (oiriúnach go leor) le gradam ag na Brit Awards i Londain aréir. Bhí Twitter Facebook, blaganna agus suíomhanna nuachta gnóthach ag cur ar an taifead tuairim na mílte síoraí in Albain agus i Sasana faoi thuairim Bowie. Ní raibh sé féin i láthair don ócáid ach léigh Kate Moss a óráid amach. Spreag a chaint faoi Albain go leor scéaltaí is tuairimi grinn mar aon le tráchtaireacht níos tromchúisí. Dar leis an cheoltóir Sasanach Billy Bragg, atá i bhfách le vóta ‘Tá’ sa reifreann gur maith an rud David Bowie tuairim a nocht mar go gcuirfidh sé Sasanaigh ag smaoineamh agus ag caint go dáiríre faoi cheist a bheidh tionchar mór aige ar a saol cé nach mbeidh vóta acu ann. Dar leis an fhear grinn Albanach Frankie Boyle, ‘I compleltly respecte his right to express opinions on independence just as I’d respect Iggy Pop’s opinions on the CERN particle accelerator.’

I really appreciate David Bowie giving us the benefit of his advice but if it’s all the same to you, David, I’ll wait to hear what Peter Andre, Katie Price and Victoria Beckham have to say before I make up my mind’ arsa duine eile. Agus

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:45:42

Admin/login Comments RSS

ILBF