Bill Clinton ag leanúint dá chuairt ar Éirinn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh dó a bheith i mBaile Átha Cliath inné tá Bill Clinton ag caitheamh an lá inniu i nDoire agus i mBéal Feirste. I nDoire bhí a aird ar John Hume agus ceiliúradh á dhéanamh aige ar an mhéid a rinne John Hume chun an tsíocháin a chur chun tosaigh. Shiúil siad trasna ar Dhroichead na Síochána i gcuideachta a chéile. Agus é ag caint ag imeacht phoiblí taobh amuigh den Gild Halla dúirt iarUachtarán Mheiriceá go mba cheart don phobal agus do na polaiteoirí sa tuaisceart dlaoí mullaigh a chur ar na ceisteanna nár réitíodh go fóill sa phróiseas síochána.  Anocht beidh sé i mBéal Feirste chun Insititiúid Ceannasaíochta Bill Clinton a oscailt in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:10:10

Admin/login Comments RSS

ILBF