Bigil ar son Margaretta D’Arcy

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh bigil ar son Margaretta D’Arcy idir 1.00 – 2.00 Dé Sathairn 15 Feabhra, díreach roimh mhórshlógadh Lá Mór na Gaeilge. Tá an bigil le dul ar aghaidh taobh amuigh d’Ardoifig an Phoist agus dreim ag lucht a eagraithe go mbeidh go leor Gael a bheidh ag tarraingt ar ar Lá Mór na Gaeilge sásta seal a chaitheamh roimhré ag bigil Margaretta D’Arcy. Tá Margaretta D’Arcy 79 bliain d’aois, í ag teacht chuici féin ó ailse agus galar Parkinson uirthi. Tá sí I bPríosún Luimnigh cionn is gur dhiúltaigh sí barántas a thabhairt gan a bheith páirteach I léirsithe ag Aerfort na Sionainne I gcoinne an rialtais a bheith ag ligean d’arm Mheiriceá is an CIA an aerfort a úsáid do ghnóthaí míleata. Dé Sathairn beidh sí mí faoi ghlas agus dhá mhí le dul aici go fóill.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:09:39

Admin/login Comments RSS

ILBF