B’fhéarr le Fianna Fáil nach mbeadh fiosrúchán baincéireachta ann – Gilmore

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Eamonn Gilmore go bhfuil Fianna Fáil ag iarraidh nach mbeadh fiosrúchán ann ar na bancanna agus an ghéarchéim airgeadais. Bhí sé ag freagairt do cháineadh ó Mhichéal Ó Máirtín, ceanniare Fhianna Fáil, a mhaígh ar maidin go bhfuil muinín an phobail as an choiste atá bunaithe ag imeacht mar gheall ar sheasamh is iompar an rialtais. Inné d’fhógair an Teachta Stephen Donnelly go bhfuil seisean ag éirí as a bheith ina bhall den choiste cionn is an rialtas a bheith ag cur beirt Sheanadóir rialtais leis le go mbeadh tromlach rialtais ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:05:10

Admin/login Comments RSS

ILBF