B’fhearr dá mbeadh Aireacht bhaile ag Eamon Gilmore – Joan Burton

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Joan Burton go gcuideodh sé le Páirtí an Lucht Oibre dá mbeadh ceannaire an pháirtí, Eamon Gilmore, i gceannas ar Aireacht seachas Gnóthaí Eachtracha, Aireacht a thugann air taisteal amach as an tír go minic.  Meastar go mbeidh atheagar ar an Chomhaireacht i ndiaidh toghcháin mhí Bealtaine agus dúirt roinnt Teachtaí agus Airí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre cheana féin go mba chuidiú é dá mbeadh Eamon Gilmore i gceannas ar Aireacht seachas Gnóthaí Eachtracha. Chuimhnigh an tAire Burton go bhfuil an Tanáiste i ndiaidh cur in iúl gurbh fhéarr leis féin a leithéid agus dar léi go mba mhaith an rud dá dtarlódh sé sin. Dhiúltaigh sí glacadh leis go raibh a ról mar Aire Gnóthaí Eachtracha freagrach as an titim mhór ar thacaíocht an pháirtí nó dar léi go bhfuil na ceisteanna a tógadh faoi chúrsaí dlí is cirt tábhachtach sa chomhthéacs seo. Thuar sí go mbeadh níos mó den phobal sásta leis an pháirtí de réir mar a chuirtear leasuithe sa rannóg sin i gcrích agus de réir mar a ardóidh an líon daoine atá fostaithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:04:39

Admin/login Comments RSS

ILBF