Beirt Mhairnéalach a bhí i gcruachás tugtha slán ag an tSeirbhís Chabhlaigh i gCuan Chorcaí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ráiteas 9 pm , 03 Iúil 2014

Na Fórsaí Cosanta

D’fhreagair criú an LÉ Niamh glaoch guaise i gCuan Chorcaí tráthnóna agus tháinig i gcabhair ar bheirt fhear ar iompaigh an bád pléisiúir a raibh siad inti ar a béal fúithi. Go gairid tar éis an 6pm a fuair an LÉ Niamh, a bhí ar patról sa limistéar, an glaoch agus sheol bád righin inséidte (RIB) láithreach chuig an láthair taobh thoir den chuan gar do East Ferry. Ar an láthair a bhaint amach thóg siad beirt a bhí ina suí ar chabhaill an bháid a bhí ar a béal fúithi. Tharraing Bád Tarrthála Bhun an Tábhairne an soitheach agus tugadh na mairnéalaigh chuig ionad leighis ag an mBunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach sa RIB áit ar scrúdaigh an dochtúir a bhí ar dualgas iad. Ar fháil amach go raibh na fir ina sláinte, thug an tSeirbhís Chabhlaigh go Rinn an Scidígh iad. Is as Corcaigh an bheirt fhear, a mheastar atá sna caogadaí, agus tuairiscítear go raibh siad i ndea-ghiúmar ainneoin na heachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-30 13:59:41

Admin/login Comments RSS

ILBF