Cúigear marbh in ionsaí féinmharfach i mBeirut

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh cúigear ar a laghad nuair a d’ionsaigh beirt bhuamadóir féinmharfach ionad cultúrtha de chuid na hIaráine i bpríomhchathair na Liobáine ar maidin. Ba é an dara uair le dhá mhí anuas gur ionsaíodh targaid Iaránach sa chathair. Sé seachtain ó shin maraíodh ceathrar nuair a ionsaíodh Ambasáid na hIaráine sa chathair, fostaí de chuid na hAmbasáide san áireamh. D’admhaigh grúpa atá ceangailte le Al Qaeda gurb iad a bhí freagrach as agus bhagair tuilleadh ionsaithe mura n-éirigh an Iaráin agus Hezbollah as a bheith ag tacú le rialtas is arm Bashar al Assad in Siria.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-21 01:41:57

Admin/login Comments RSS

ILBF