Beirt marbh i gcaismirtí i gCív na hÚcráine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beirt a maraíodh, ar a laghad, nuair a tharla caismirtí fíochmhaire idir péas agus lucht agóide i gCív na hÚcráine go luath ar maidin. Scaoileadh an bheirt nuair a rinne péas ruathar ar champa de chuid lucht agóide. Tá léirsithe ollmhóra ag dul ar aghaidh sa chathair ó fhómhar na bliana seo caite nuair a tharraing an Úcráin siar ó chomhaontú eacnamúil leis an Aontas Eorpach agus d’aontaigh ar chomhaontú leis an Rúis, rud a chuir míshásamh ar go leor den phobal. Ach tá scoilt sa tír le fada an lá, Cív agus roinnt bailte móra ag iarraidh bunathrú ar an sochaí agus an chuid eile den tír coiméadach agus ag iarraidh fanacht mar a bhí agus go mór faoi thionchar na Rúise. Lena chois sin bhí fearg ar go leor den phobal nuair a achtaíodh dlíthe nua i mbéal na Nollag ag cur srianta breise ar léirsithe is agóidí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:56:44

Admin/login Comments RSS

ILBF