Beirt iarfheidhmeannaigh le Banc Anglo-Irish ciontach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Shocraigh giúiré inniu go bhfuil beirt iarfheidhmeannach le Banc Anglo-Irish ciontach as cuidiú ar bhealach mídhleathach le deichniúr duine a fuair móriasachtaí ón bhanc. Bhí plé ar feadh 17 n-uair ag an giúiré sular chinn siad go bhfuil William Mc Ateer (63) agus Pat Whelan (52) ciontach as 10 gcúis a bain le cur ar fáil cúnamh airgid do deichniúr chun go dtiocfadh leo scaireanna a cheannacht sa bhanc, rud a bhí i gcoinne Mír 60 d’Acht na gComhlachtaí. Fuarthas neamhchiontach iad as sé chúis eile a bhain le cúnamh mídhleathach a chur ar fáil do bhaill de theaghlach Quinn. Aréir fuarthas Sean Fitzpatrick neamhchiontach as 10 gcúis a cuireadh ina leith maidir le iasachtaí an bhainc san am sular thit an tóin as.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:03:49

Admin/login Comments RSS

ILBF