Beirt chol ceathrar básaithe i dtaismí i Meiriceá in imeacht 8 mí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tugadh le fios inniu gurb é Paul Lambert, (34), as an Iúr an tÉireannach a maraíodh I dtaisme bóthair in San Francisco Dé Céadaoine. Col ceathrar a ba ea é le Kevin Bell (26) a maraíodh nuair a leag carr é I Nua Eabhrac I mí Mheithimh seo caite. D’imigh an carr gan stopadh. I gcás Paul Lambert maraíodh é nuair a leag carr é. Tá tiománaí an chair á cheistiú. D’éisigh Doiminic Ó Brollacháin, ball tionóil an SDLP don Iúr/Ard Mhacha ráiteas I nGaeilge anocht.

‘Cúis mhór bhróin
cailliúint Paul Lambert, fear óg, ceithre bliana is tríocha d’aois, dá
thuismitheoirí, dá dheirfiúr, agus dá mhuintir uilig,’ a dúirt an Ball Tionól  don
Iúr agus d’Ard Mhacha  de chuid
Páirtí Daonlach Sóisialta an Lucht Oibre, Dominic Bradley, tar éis gur
tugadh le fios gur maraíodh an tUasal Lambert i dtimpiste bóthair ar Shráid Van
Ess i  San Francisco SAM.

‘Tagann bás Paul go gairid i
ndiaidh tubaiste eile tharla nuair a maraíodh a chol ceathrar, Kevin
Bell i dtaisme bóthair i Nua Eabhrach i Mí Meithimh na bliana
seo chuaigh thart.  Is mian liomsa ar mo
shon féin agus ar son an phobail uilig anseo in Iúr Cinn Trá comhbhrón a
dhéanamh le Noelle, máthair Phóil, le Micheal, a athair, agus le Clare , a
dheirfiúr.  Tá mé cinnte de go mbeidh lántacaíocht acu ón phobal anseo san
Iúr mar a bhí nuair a cailleadh Kevin.

Ainneoin a gcuid bróin tá
dignit ar léith léirithe ag muintir Paul agus Kevin - nuair a cailleadh
Kevin cuireadh ciste ar bun le cuidiú le teaghlaigh a chaill daoine
muinteartha leo i dtíortha i gcéin a gcorp a thabhairt
abhaile agus go dtí seo tháinig an ciste i gcabhair ar cheithre
theaghlach déag.  Is ar éigin gur cheap muid go mbeadh duine dá gcuid
féin i gceist in athuair.  Ar dheis
Dé go raibh a anam uasal.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:38:59

Admin/login Comments RSS

ILBF