Beidh díreach na cumhachtaí céanna ag Rónán Ó Domhnaill is a bhí ag Seán Ó Cuirreáin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus é ag caint ar Raidió na Gaeltachta dhearbhaigh an tAire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoch go mbeidh Rónán Ó Domhnaill ag feidhmiú díreach leis na cumhachtaí céanna is a bhí ag Seán Ó Cuirreáin. Bhí brú á chur ag Conradh na Gaeilge le go mbeadh athbhreithniú ar na ceisteanna a bhí tógtha ag Seán Ó Cuirreáin sula gceapfaí Coimisinéir nua ach níor thug an rialtas aird ar a seasamh. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is maith é gur fhógair an Rialtas Coimisinéir Teanga nua agus cuirim fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill nuair a thosóidh sé sa phost dúshlánach i ndiaidh 23 Feabhra 2014. Tá an gníomh is tábhachtaí á sheachaint ag an Rialtas áfach, is é sin le rá, cur i bhfeidhm na moltaí atá déanta ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga reatha.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:45:06

Admin/login Comments RSS

ILBF