‘Beidh ar Angela Kerins leanúint de chomhoibriú le PAC’ – Mary Lou

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Teachta Dála Mary Lou Mc Donald go mbeidh ar Angela Kerins leanúint léi ag comhoibriú leis an Coiste um Chuntais Phoiblíbíodh is nach bhfuil sí i gceannas a thuilleadh ar Rehab. Fógraíodh ar maidin go bhfuil an Bhean Uasal Kerins, a bhí i lár na conspóide faoi rátaí tuarastála agus gnóithe eile ag Rehab le tamall anuas, go bhfuil sí ag éirí as a bheith ina PríomhFheidhmeannach. Dar léi gur shocraigh sí éirí as le go mbeadh faoiseamh aici, ag a clann agus ag Rehab ón bhrú atá ann le tamall anuas cionn is conspóid faoina tuarastal agus gnóithe eile. Ghabh sí buíochas le gach duine a chuidigh léi, le 22 bliain anuas, a bheith ag gníomhú ar son Rehab.

Tá Angela Kerins le bheith os comhair Choiste Oireachtais na gCuntas Poiblí arís ar an tseachtain seo chugainn agus ní cosúil go  mbeidh aon tionchar ag a cinneadh chun éirí as ar an socrú sin.

Chosain Angela Kerins a tuarastal, €240,000, nuair a bhí sí i láthair Coiste na gCuntas Poiblí ar na mallaibh agus mhaígh go raibh sé inchurtha leis an tuarastal a íoctar le daoine eile i bpost ar aon dul léi. Thug sí le fios nach fostaí sa tseirbhís phoiblí í agus luaigh sí lena chois gur dhiúltaigh sí glacadh le roinnt íocaíochtaí bónais.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 10:50:05

Admin/login Comments RSS

ILBF