Beart de réir briathair de dhíth ón rialtas ar an Ghaeltacht – Mac Ádhaimh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beart de réir briathair de dhíth ón rialtas ar an Ghaeltacht – Mac Ádhaimh

 

Dúirt Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh TD inniu go gcaithfidh an rialtas ó dheas gníomhú go luath nó beidh deireadh leis an Ghaeltacht.

 

Bhí an Teachta Dála do Chontae Lú ag caint ag Slógadh Shinn Féin 2014 i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire Cholmcille.

 

Dúirt Gearóid Mac Ádhaimh:

 

“Deir na saineolaithe go dtiocfaidh deireadh leis an Ghaeltacht laistigh de thríocha bliain mura ndéanfar gníomh go luath. Is minic a deirtear ‘is fearr go mall ná go brách’ – níl sin fíor sa chás seo.

 

“Tá seo an-simplí – tá an rialtas ag déanamh an méid is lú a chaithfidh siad a dhéanamh, agus tá i bhfad níos mó de dhíth ar an Ghaeilge.”

 

Agus mhol Gearóid Mac Ádhaimh obair an iar-choimisinéara teanga Seán Ó Cuirreáin agus gheall sé tacaíocht Shinn Féin dá chomharba.

 

“I mbliana bhí ar an Choimisinéir Teanga éirí as a phost. Guímid gach rath ar Sheán Ó Cuirreáin agus aontaíonn muid go huile is go hiomlán leis an léargas a bhí aige ar theip an rialtais i leith na Gaeilge.

 

“Guím gach rath ar Rónán Ó Domhnaill fosta agus gheobhaidh sé gach tacaíocht sa ról nua seo ó Shinn Féin. Tagann Sinn Féin le dearcadh an iar-choimisinéara – nach bhfuil an rialtas ag freastal ar phobal na Gaeilge.”

 

Agus thug sé gealltanas go leanfadh a pháirtí lena obair ar son na Gaeilge.  Ar sé:

 

“Tá a lán oibre le déanamh ach tá díograiseoirí tiomanta don obair sin.

 

“Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag gníomhú ar son na Gaeilge ar fud an oileáin. Maidir le hAcht na Gaeilge sna Sé Chontae, scríobh mé chuig an Taoiseach agus chuig Príomh-Aire na Breataine le déanaí ag dearbhú go gcaithfear achan chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na comhaontuithe eile a chomhlíonadh –  Acht na Gaeilge san áireamh.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:31:24

Admin/login Comments RSS

ILBF