Bás iarcheannaire an PUP Hugh Smyth

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá iarchomhairleoir leis an PUP ar Chomhairle Bhéal Feirste i ndiaidh bás a fháil. Bhí sé i mbun na polaitíochta ó na luath 1970í agus chaith sé seal sa Tionól ó thuaidh in 1974 agus sa Chomhdháil Stormont ar ball. Chaith sé tréimhse fhada ar Chomhairle Bhéal Feirste, ó  na 1970í go dtí 2011,  agus bhí sé ar an chomhairleoir a ba mhó blianta ar an chomhairle nuair a d’éirigh sé as in 2011, é ina chomhairleoir don tSeanchill Uachtarach. In 1994 chaigh sé bliain ina Ard Mhéara ar an chathair agus in 1996 bronnadh OBE air. D’éirigh sé as ceannasaíocht an PUP in 2002, am ar tháinig David Ervine i gceannas ar an pháirtí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:48:00

Admin/login Comments RSS

ILBF