Bancanna bia le hoscailte i gCorcaigh agus bailte eile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Osclóidh an cumann carthanachta Bia Food Banks banc bia i gCorcaigh agus dréim acu le tuilleadh a oscailt ar ball beag i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Is ar an Oileán Beag i gCorcaigh a osclófar an chéad bhanc bia i mí Mheithimh ach tá pleananna faoi seoil dá macasamhail i mBÁC agus ar ball i nGaillimh. Meastar go bhfuil tuairim is 600,000 duine ar ghannchuid bia gach lá ó dheas agus go bhfuil páiste as gach cúig páiste scoile ag dul chuig an scoil ar maidin gan bricfeasta a bheith acu. Baileoidh na bancanna bia bia atá ar tí a bheith caite i láithreán dramhaíle ag sármhargaí nó comhlachtaí bia agus cuirfear an bia sin ar fáil dóibh sin atá ar an bheagán.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:14:22

Admin/login Comments RSS

ILBF