Baineann gabháil Adams le taobh dorcha na póilíneachta – Mc Guinness

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Martin Mc Guinness gur iarracht dáiríre a bhí i ngabháil Ghearóid Mhic Adaim chun tionchar a imirt ar an toghchán i gceann trí seachtain. Dar leis an Leas-Chéad Aire gur bhain an gabháil leis an taobh dorcha de phóilíneacht ó thuaidh atá naimhdeach don phróiseas síochána. Cháin sé iarrachtaí ‘iarPoblachtaigh’ a bhí le tamall anuas ag ionsaí Gearóid Mc Adaim agus próiseas na síochána agus atá anois, dar leis, ag obair as lámh a chéile leis an taobh dorcha de phóilíneacht ó thuaidh. Dúirt Peter Robinson gur póilíneacht pholaitiúil a bheadh ann mura gcuirfí diancheisteanna ar Ghearóid Mc Adaim. Deir sé gur láidre an phóilíneacht ó thuaidh mar gur léir nach bhfuil duine ar bith ann nár féidir leis na péas a cheistiú más gá.  Agus shéan Príomh Aire na Breataine David Cameron go raibh aon tionchar pholaitiúil ar an chinneadh chun ceannaire Shinn Féin a cheistiú. Gabhadh Gearóid Mc Adam i dtrátha an hocht a chlog aréir nuair a thairg sé dul faoi agallamh ag an PSNI ag stáisiún na bpéas i mbaile Aontroma. Faoin Acht um Sceimhle 2000 a gabhadh é, Acht a thugann cumhachtaí ollmhóra do na péas ó thuaidh. Thig duine a choinneáil go gceann 28 lá. Ach i ndiaidh 24 uair a chloig, má mheasann Cigire péas go bhfuil fáth leis, thig leo síneadh 24 uair a chloig eile a fháil.  I ndiaidh 48 uair a chloig caithfidh na péas cás a dhéanamh sa chúirt chun duine a choinneáil níos faide ná sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:16:35

Admin/login Comments RSS

ILBF