Ba mhaith liom dá mbeadh Banríon Shasana in Éirinn am comórtha Éirí Amach na Cásca – an Taoiseach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug an Taoiseach le fios inniu go mba mhaith leis go mbeadh Banríon Éilís na Breataine i láthair agus Éire ag déanamh comóradh ar Éirí Amach na Cásca in 2016. Dúirt an Taoiseach gur chuir sé ar a súile do na meáin roimhe seo gur mhaith leis an rialtas cuireadh a thabhairt do bhaill de Theaghlach Ríoga na Breataine chun a bheith i láthair ag roinnt de na himeachtaí comórtha agus gur mhór an tógáil chroí dó gur dúirt Banríon na Breataine aréir ag Caisleán Windsor go mbeadh sí féin is baill dá teaghlach sásta a bheith i láthair ag ócáidí comórtha. Chuimhnigh an Taoiseach go bhfuil deasghnátha áirithe ann maidir le cuireadh a thabhairt agus dá réir ach mhaígh arís go mba mhaith an rud dá dtarlódh a macasamhail.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 07:55:05

Admin/login Comments RSS

ILBF