Ba cheart go mbeadh gunnaí Taser ar fáil ag níos mó Gardaí feasta – CIG (GRA)

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ag comhdháil chinn bliana Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i gCill Áirne inné mhol Uachtarán an Chumainn, John Parker, go mba cheart go mbeadh Gardaí le gunnaí Taser ar fáil i bhfad níos forleithne ná mar atá i láthair na huaire. Bhí sé ag caint le linn séisiún faoi fhorneart i gcoinne Gardaí. Bhí glacadh forleathan leis ag an chomhdháil go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh fornirt i gcoinne Gardaí agus go raibh an córas a bhí in úsáid go dtí seo chun taifead a dhéanamh ar ionsaithe easnamhach. Tá córas nua in úsáid anois a áiríonn bagairtí i gcoinne Gardaí mar fhorneart agus ó cuireadh an critéir bhreise sin in úsáid tá méadú mór tagtha ar an líon cásanna atá á dtaifead. Dúirt an tUasal Parker go mbeadh sé ródhaor gunna Taser a chur ar fáil do gach uile Garda ach dar leis go mba cheart go mbeadh Garda le traenáil cuí agus Taser ag gach rannán de chuid an fhórsa. Maidir leis an chinneadh gan cuireadh a thabhairt chuig an Aire Dlí is Cirt Alan Shatter le bheith i láthair ag an chomhdháil mhaígh an tUasal Parker nár athraigh faic ó 2013 nuair a vótáil siad ar son rún mímhuiníne as an Aire agus mar sin shocraigh siad gan cuireadh a thabhairt dó arís i mbliana. Dúirt an tUasal Parker chomh maith go mbeadh siad ar son Nóirín Ní Shuilleabháin a bheith ceaptha ina Choimisinéir nua ar an Gharda Síochána. Tá an post aici go sealadach fad is go bhfuil próiseas earcaíochta do Choimisinéir nua á bheartú. Tá leid tugtha gur seans go n-iarrfar ar dhuine ón taobh amuigh teacht i gcomharbacht ar Martin Callinan ach dar leis an Uasal Parker go bhfuil CIG 100% ar son Nóirín Ní Shuilleabháin má shocraíonn sí dul chun tosaigh don phost.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:23:10

Admin/login Comments RSS

ILBF