Ba cheart do Coimisinéir an Gharda a chaint a tharraingt siar

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Leo Varadkar go mba chuí dá ndéanfadh Coimisinéir an Gharda, Martin Callinan, a tharraingt siar cuid den chaint a rinne sé  le Coiste Oireachtais na gCuntas Poiblí faoin Gharda is an iarGharda a sceith eolais faoi mhí-iompar san fhórsa. Bhí an tAire ag tagairt go háirithe don dóigh a luaigh an Coimisinéir ‘disgusting’ leis an bheirt, rud a spreag cáineadh ó roinnt tráchtairí is polaiteoirí. Ar ball mhaígh an Coimisinéir Callinan go raibh sé ag tagairt don dóigh a sceitheadh eolais go poiblí seachas ag tagairt don bheirt féin. Inniu dúirt an tAire Varadkar nach bhfuil an Coimisinéir saor ó locht. Mhol sé don Choimisinéir a chaint a tharraingt siar agus soiléiriú a dhéanamh ar aon rud eile a dúirt sé leis an Choiste. Agus é ag caint le comhdháil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre inniu dúirt sé gur ‘distinguished’ an rud a rinne an bheirt sceitheadóir.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:54:46

Admin/login Comments RSS

ILBF