Ba cheart caitheamh le oll-uaigh na Tuama mar ‘láthair coire’, TD

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an Teachta Dála Neamhspleách, Catherine Murphy, go mba cheart caitheamh leis an olluaigh ag Tuam na Gaillimhe mar láthair coire. Mhaígh sí sa Dáil inniu gurb é an t-aon chúis nach bhfuil a macasamhail déanta ná cionn is go bhfuil ord rialta i gceist. Dúirt an Teachta go mba cheart an t-ainm ceart a chur ar ar tharla ann agus fiosrúchán phoiblí iomlán a chur sa tsiúil láithreach.

Dúirt an tAire Brendan Howlin nach bhfuil an rialtas ag cur aon rud as an áireamh ach nach mbunófaí fiosrúchán neamhspleách sula mbeadh tuarascáil faighte acu ó choiste idir ranna a bhunaigh an rialtas inné.

Deir Mary Lou Mc Donald, SF, go mba cheart fiosrúchán a bhunú ní amháin chun breathnú ar chás na Tuama ach le breathnú ar áráis den tsórt seo i gcoitinne nó dar léi go bhfuil an uile seans ann gur mó ná ceann amháin acu atá i gceist.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:12:40

Admin/login Comments RSS

ILBF