Atheagar na ComhAireachta – Varadkar go Sláinte

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cheap an Taoiseach Leo Varadkar mar Aire Sláinte inniu agus bhog Dr James Reilly chuig an Roinn do chúram leanaí agus daoine óga. Ceapfar Pascal Donohoe ina Aire Iompair i gcomharbacht ar Leo Varadkar.

Theip ar iarrachtaí Joan Burton chun go gceapfaí duine ó Pháirtí an Lucht Oibre ina Aire Fostaíochta ach fanfaidh Richard Bruton sa phost sin. Ach mar bhónas do Pháirtí an Lucht Oibre tá ‘sárAireacht Sóisearach’ nua le bheith ann do ghnóithe fostaíochta agus is é Ged Nash ó Pháirtí an Lucht Oibre a cheapfar don phost sin. Tá Jimmy Denihan, an tAire Gaeltachta is Ealaíona reatha le post a ghlacadh in oifig an Taoisigh agus is í Heather Humprey’s, Teachta nua thofa le Fine Gael i gCabhán Muineacháin, a thiocfaidh i gcomharbacht air. Níl áit ar bith ag an ChomhAireacht nua do Eamon Gilmore, Pat Rabbitte, Ruairi Quinn agus tiocfaidh Alex White i gcomharbacht ar Pat Rabbitte ag an Roinn Cumarsaide. Jan O’Sullivan a thiocfaidh i gcomharbacht ar Ruairí Quinn. Beidh Alan Kelly ina Aire Comhshaoil agus Údarás Áitiúil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 15:03:45

Admin/login Comments RSS

ILBF