Athscrúdú na vótaí uile amárach – 275 vóta eatarthu agus gan críoch fós ar an troid go deireadh idir Marian Harkin agus Pat ‘The Cope’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an bheirt iarrthóir don suíochán Eorpach deiridh gan réiteach i ndiaidh aontú ar athscrúdú iomlán ar an vóta in Lár Tíre/Thiar /Thuaidh cionn is nach bhfuil ach líon de chúpla céad vóta eatarthu. Mar sin beidh an cúigiú lá áirimh amárach ann. Ag deireadh an ochtú cuntas anocht bhí Marian Harkin ar 106,520 agus Pat the Cope ar 106,245. Gan ach 275 vóta sa difear eatarthu. Meastar go mairfidh an athchuntas bunús lae, ar a laghad.

I ndiaidh an seachtú cuntas anocht, nuair a toghadh Matt Carthy ó Shinn Féin bhí bearna 2,586 vóta ann idir Pat The Cope Ó Gallchóir agus Marian Harkin.  Rinneadh farasbarr Matt Cahrty, 5,756 a scaipeadh ach ba léir go raibh an dá thaobh maíte ar athscrúdú cionn is an bhearna  a bheith chomh beag sin eatarthu. Thig le ceachtar den bheirt athchuntas a lorg mura mbíonn siad sásta le toradh na athscrúduithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive